Press Release

Jun 25 2025

Tuairisc Comórtas 3x3 Cispheile na Gaeltachta 2025

Reachtáileadh an triú “Comórtas Cispheile na Gaeltachta” i Spórtlann Naomh Anna an deireadh seachtaine seo chaite. Lá iontach spórtiúil a bhí ann, le 14 foireann – 8 foireann i gcomórtas na buachaillí agus 6 foireann i gcomórtas na gcailíní, le imreoirí ó Ceantar na nOileáin, Co. na Gaillimhe, Cathair na Gaillimhe, Baile Átha Cliath agus Cill Dara.

Cé gurb é an tríú bliain den chomórtas é, ba é seo an chéad uair a bhí sé mar chomórtas 3×3, ag leanúint rialacha oifigiúla FIBA 3×3 – ach le gné uathúil: ní raibh cead ach Gaeilge a labhairt ar an gcúirt! Ar an lá, rinne gach duine a dhícheall Gaeilge a labhairt ar an cúirt agus mór thimpeall an halla, agus fuair gach duine an deis le roinnt tearmaíocht cispheile nua a fhoghlam.

Comórtas na Cailíní

I gcomórtas na gcailíní, is teach Ailish agus Coláiste Chiaráin MAVS a d’imir sa cluiche Ceannais, dhá foireann láidir, le imreoirí ó Cumann Cispheile Maree a bhí ann, agus cluiche don scoth a bhí ann, ach sa deireadh is ‘Teach Ailish’ a raibh an Bua acu 8 – 6.

Comórtas na Buachaillí

I gcomórtas na buachaillí, is iad ‘Titans 3X3’ agus ‘The Ballers’ a d’imir in aghaidh a chéile, tar éis lá fada ag imirt chun teacht chomh fada leis an cluiche Ceannais, cluiche láidir agus dúshlánach a bhí ann, ach is Titans 3X3 a bhí an bua acu sa deireadh.


Bhí ard chaighdeán cispheile agus scileanna le feiceáil ar feadh an lae agus is cinnte go mbeidh neart réalta cispheile i nGaillimh sa todhchaí a bhí páirteach den lá. Leis sin, thug an ócáid seo, seans do go leor daoine usáid agus feabhas a chur a gcúpla focal i gcomhthéachs cispheile chomh maith le spóirt agus spraoi a bhaint as an lá, go háirithe iad siúd nach bhfuil muiníneach an teanga a labhairt go rialta. Bhí rial sna cluichí go mbeadh saor chaitheamh in aghaidh aon duine a labhair i mBéarla agus rinne na h-imreoirí an- iarracht é a chomhlíonadh agus imríodh na cluiche i spiorad an- mhaith agus spóirtiúil a rith le h-éitis (ethos) an lae.

Is mian le Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn agus Cumann Cispheile na nGael a bhí i mbun eagraíocht an lae buíochas mór a ghlacadh le Gaeilge Mhaigh Cuilinn agus Cispheil Éireann a thug tacaíocht iontach dóibh an lá a reachtáil.



.